Ulster Scots Polish Spainish French German

Shirley Valentine

Scríbhneoir: Willy Russell
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin.
Coimriú: Monológ mheidhreach ag bean tí as Learpholl a mhothaíonn í féin ag caint leis an bhalla agus í ag ullmhú ubh agus sceallóga dá fear céile. Ní thuigeann sí cad a tharla dá saol agus cuireann sí radharcanna óna saol mar atá anois leis an dóigh a mbíodh sí tráth agus dár lei go bhfuil sí sioctha agus go bhfuil ceangal na gcúig gcaol uirthi. Ach nuair a thargaíonn a huchtchara saoire beirte le gach costais íoctha fágann sí sclábhaíocht a saoil mar bhean chéile, fágann nóta ar an tábla a deir, 'imithe chun na gréige ar feadh coicíse'. Ansin tosaíonn Shirley ag féachaint ar an saol agus uirthi féin ar dhóigh eile ar fad.

An Bun Léiriú:
Dáta an chéad léirithe: 27 Feabhra 2000
Ionad: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Foireann: Frances Quinn - Shirley

Foireann Léirithe:
Stiúrthóir: Mary Ryan
Dearthóir Soilsithe: Gearóid Ó Cairealláin
Dearthóir Seite: Seán Mac Seáin

Léiríodh an dráma seo arís i mí Dheireadh Fómhar 2006 le Bríd Ó Gallchoir i ról Shirley stiúirithe ag Niall Ó Sioradáin.

Leirithe

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7