Aisling Ghear
Irish English Ulster Scots Polish Spainish French German

1 2 3 foras NI Arts Council
You are in: Baile > Léirithe
1 2 3

Na Léirithe S'againne

Tá Aisling Ghéar ag léiriu drámai ó 1996 anuas. Thíos gheobhfar liosta de léirithe s'againne.

'An Béal Bocht le'
Scríbhneoir: Flann O’Brien
Seo talamh nua do Chompántas Amharclainne Aisling Ghéar – aistriú úrscéil chuig an stáitse. Agus nach muid atá corraithe faoi! Tá meitheal den scoth bailithe le chéile againn:

Read More >>
'Stones in his Pockets'
Scríbhneoir: Marie Jones
Scéal faoina dtarlaíonn i mbaile beag tuaithe i gContae Chiarraí nuair a thuirlingíonn criú scannáin Meiriceánach a dhéanamh scannáin. More Info >>
Gruagairí
Scríbhneoir: Dave Duggan
Nótaí : Dráma nua scríofa
Coimriú : Suite i salon gruagairí baineann an scéal le beirt anamchara a chuireann gnó gruagaireachta ar bun le chéile. Ach is gearr go nochtaítear spraoi - caiteachas airgid agus go léiritear rúnta ciotacha eile a chuireann an-bhrú go deo ar an chaidreamh cairdis agus gnó. More Info >>
An Triail
Scríbhneoir: Mairéad Ní Ghráda
Nótaí: Tá an dráma clasaiceach seo mar chuid don chúrsa Gaeilge ar an Ard-teist agus ar an chursa A-leibhéal agus leiríonn an chompantas an dráma gach bliain go speisialta do na mean scoileanna ó thuaidh agus ó dheas.
Coimriú : Sa dráma réabhlóideach seo déanann Ní Ghráda iniúchadh ar fhimínteacht bhunúsach na 1960í in Éirinn. Éiríonn Máire, an príomhcharachtar, torach le fear pósta. Tugann sí faoi rud atá dodhéanta agus a leanbh a choinneáil. Tragóid an toradh. More Info >>
Gealchathair
Scríbhneoir: Clare Dowling
Nótaí: Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú: Coimeidé románsúil faoi bhean óg a oibríonn in oifig dlíoadóra ach a bhíonn de shíor ag brionglóidí faoi shaol níos corraithí. More Info >>
Bailegangháire
Scríbhneoir: Tom Murphy
Nótaí: Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : Seanbhean neamhmhearbhallach sa leaba agus an bheirt garníonacha s'aice ag insint scéalta agus ag nochtadh rún agus ag creachadh a chéile ar an sean dóigh a dhéanann teaghlach. More Info >>
Anraith Neantóige
Scríbhneoir: Celia de Fréine
Nótaí: Dráma nua scríofa
Coimriú : An dara dráma Gaeilge ag an údar seo. Suite in am atá le teacht nuair atá síor-chogaíocht ina cuid coitianta den saol. Maireann beirt bhan ar imeall an cheantar throide, cé go séanann said ar a bhfuil thart orthu. More Info >>
Lá Fhéile Mhíchíl
Scríbhneoir: Eoghan Ó Tuairisc
Coimriú : Claisicaech de chuid na hamharclainne Gaeilge suite i gclochar le linn Chogadh na gCarad a scar dearthair ó dhearthair agus fiú siúr ó shiúr. More Info >>
Aladdin
Scríbhneoir : Script comh- chumtha ag an fhoireann bunaithe ar an scéal claiseacach do pháistí. More Info >>
Críoch- Chluiche
Scríbhneoir: Samuel Beckett
Nótaí : Aistiúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : Tá Hamm agus Clov ceaptha i gcaidreamh idirchliathánach i ndomhaniarapaicilipteach. Tá Nagg agus Nell ( tuistí Hamm) gan chos agus maireann said i mboscaí bruscair. An triúr acu seo ag brath ar Chlov le riar orthu, eisean de shíor ag bagairt imeacht leis. More Info >>
Mandragola
Scríbhneoir: Niccoló Machiavelli
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : Tá Callimacco, rógaire d'óganach ag brath oíche mhór collaíochta a bheith aige le Lucrezia, bean chéile le Nicia, liudramáin, éagumasach saibhir de chuid móruaisle Firéinse. Fostaíonn Callimacco Ligurio, an scéimeire cleasach atá lán abalta daoine a usáid is a tharraingt ar a bhealach féin. Téann seisean i mbun an tionscnaimh go dícheallach, dígeanta ag earcú chuige féin seibhísí mháthar Lucrezia chomh maith lena sagart! More Info >>
Jack agus an Gas Pónaire
Scríbhneoir: Máire Andrews
Nótaí: Dráma nua scríofa dírithe ar pháistí bhunscoile
Coimriú: An síscéal clasiceach faoin ghasúr a chuireann pónaír draíochta, buaileann bob ar arrach, buann cláirseach órga agus na huibheacha óir agus pósann banphrionsa. More Info >>
Aistriúcháin
Scríbhneoir: Brian Friel
Nótaí: Aistiúcháin le Breandán Ó Doibhlinn
Coimriú: Tá Arm na Breataine i ndiaidh lonnú i gceantar Gaeltachta agus rún acu léarscáil an limistéar a tharraingt suas. Dírítear fócas ar chreimeadh an Chultúir Ghaelaigh agus ar chumann grá idir saighdiúr amháin agus bean óg de chuid na háite, cumann a chruthaíonn nach gcuireann teanga, nó a easpa, bac ar an ghrá. More Info >>
Úr Te Bruite
Scríbhneoir: Eoghan Ó Néill agus Gearóid Ó Cairealláin
Nótaí: Dráma nua scríofa
Coimriú: Dráma nua scríofa agus forbartha ag Gearóid Ó Cairealláin faoi cleasaíocht agus caimiléireacht sa pholatíocht agus sna mean cumarsáide i mBéal Feirste taréis an sos cogaidh. More Info >>
Pádraig i dTír na nÍontais
Scríbhneoir: Deirdre Nic Con Uisce
Nótaí : Dráma nua scríofa dírithe ar pháistí bhunscoile
Coimriú: Eachtraí Phádraig naofa i dtír na nÍontais. More Info >>
Damhsa ag Lúghnasa
Scríbhneoir: Brian Friel
Nótaí: Aistriucháin le Dónall Mac Giolla Chóill agus Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : Suite i nDún na nGall sa bhliain 1936 le linn d'Éirinn bheith ag athrú ó thír thalamhaíochta go dtí géilleagar níos tionsclaí, léiríonn an dráma ensemble seo an brú creidimh, eacnamíochta agus soisialta sa phobal tuaithe seo i mBaile darb ainm Baile beag. More Info >>
Jingle Bang Jangle
Scríbhneoir: Pádraig Ó Giollagáin Coimriú : Dráma druisiúl le ceol agus amhráin mar gheall ar an Ghabha a shíleann go bhfuil a bhean chéile ag fáil níos mó nó a cuid bonnóga ón Mhuilleoir áitiúil. More Info >>
Dialann Ocrais/Diary of a Hunger Strike
Scríbhneoir: Peter Sheridan
Nótaí : Dráma dhá theangach agus na píosaí i nGaeilge aistrithe ag Gearóid Ó Cairealláin.
Coimriú : Tá athinsint drámatúil Pheadair Uí Shioradáin ar Stailc Ocrais na bliana 1981 i bpriosúin na Ceise Fada atá chomh cumhachtach coscarthach is a bhí riamh. Tugann an dráma seo muid trí gach gné de na himeachtaí cumhachtacha úd a mhúnlaigh stair na hÉireann le fiche bliain as sin amach. An Bun Léiriú More Info >>
Shirley Valentine
Scríbhneoir: Willy Russell
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin.
Coimriú: Monológ mheidhreach ag bean tí as Learpholl a mhothaíonn í féin ag caint leis an bhalla agus í ag ullmhú ubh agus sceallóga dá fear céile. Ní thuigeann sí cad a tharla dá saol agus cuireann sí radharcanna óna saol mar atá anois leis an dóigh a mbíodh sí tráth agus dár lei go bhfuil sí sioctha agus go bhfuil ceangal na gcúig gcaol uirthi. Ach nuair a thargaíonn a huchtchara saoire beirte le gach costais íoctha fágann sí sclábhaíocht a saoil mar bhean chéile, fágann nóta ar an tábla a deir, 'imithe chun na gréige ar feadh coicíse'. Ansin tosaíonn Shirley ag féachaint ar an saol agus uirthi féin ar dhóigh eile ar fad. More Info >>
Scáil an Ghunnadóra
Scríbhneoir: Sean O'Casey
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : Nuair a labhraíonn Minnie Powell, a chónaíonn i dtionóntán i mBaile Átha Cliath, le Donal Davoren agus é ar chuairt ag a chara, Séamas Shields, glacann sí leis gur óglach ar a choimhead é an cuairteoir file. Seo an bhliain 1920 agus tá cogadh na saoirse faoi lán seoil. Tugann Séamas agus na tionóntaí uilig tacaíocht do na hÓglaigh agus cé nach deir Dónall in am ar bith gur óglach é féin ní dhéanann sé mórán chun tuairim na dtionóntaí a cheartú. More Info >>
Cathal Buí
Scríbhneoir : Comh-Iarracht idir Gearóid Ó Cairealláin, Mary Ryan agus Nollaig Mag Aoidh Coimriú : Drám nua, bunaithe ar an fhile réiceach ón 17ú aois, Cathal Buí Mac Giolla Gunna. Ta cumann amaitéarach drámaíochta againn a bhfuil an príomh aisteoir tugtha don deoch, agus na capaill agus a léiritheoir atá ar an dé deiridh, nó ní chreideann sé go n-éireoidh leis cleachtadh iomlán le foireann iomlán den dráma a tharraingt le chéile, ainneoin go bhfuil said dhá lá ón oíche oscailte. More Info >>
In Ainm an Rí
Scríbhneoir: Gearóid Ó Cairealláin
Nótaí : Dráma nua-scríofa
Coimriú : Seo againn bean tí,óg dúdóite nach bhfuil d'éalú aice óna saol leadránach in estáit ollmhór títhíochta in Iarrthar Bhéal Feirste ach bheith ag brionglóidigh mar gheall ar Rí Racanról agus coicís lán sonais thalliI Memphis , Tennessee ach a fear céile bheith ábalta an Comórtas mór athris Elvis a bhuachaint. More Info >>
Mise, Subhó agus Maccó
Scríbhneoir: Biddy Jenkinson
Nótaí : Dráma nua scríofa
Coimriú : Léiríonn an dráma seo saol triúir an-neamhchoitianta a mhaireann ar imeal na cathrach, ar imeall an tsochaí agus ar imeall ghéilleagar an Tíogar Cheiltigh in Éirinn. An Bun Léiriú More Info >>
Tráth dár Saol
Scríbhneoir: Samuel Beckett
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Caireallain
Coimriú : Ta Winnie adhlactha suas go dtí an choim i gcarn créfóige. Ábhar íontais a dearcadh spraoiúil i gcóir lena cumas dóchreidte a cuid ama a chuir isteach go gnóthach. Ach tá Willie, a fear céile, aice le bheith ag plé leis. More Info >>
Amédée
Scríbhneoir: Eugene Ionesco
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : 'Muisriún, bhuel má tá said dul toiseacht ag fás sa seomra bidh...' coiméide dubh, dorcha ón mháistir Rúmáineach, lán mistéir agus rúin ar foluain.
More Info >>
O Rajerum
Scríbhneoir: Biddy Jenkinson
Nótaí: Dráma Nua scríofa
Coimriú: Coiméide dhubh - díolann aisteoir a anam leis an diabhal ar mhaithe le fail isteach sa ghnó More Info >>
Lia Creidimh
Scríbhneoir: Brian Friel
Nótaí: Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú ; Lia creidimh an teidil agus a bhean, Gráinne, a chaitheann a saol ag taisteal ar fud na Breataine i seanveain ag tabhairt dóchas na hathsláinte dóibh siúd atá breoite nó creapalta nó easlán ar bhealach ar bith, ach an lia creidimh a lámh a leagan orthu. More Info >>
Bás Taismeach an Ainrialaí
Scríbhneoir: Dario Fo
Nótaí : Aistriúcháin le Gearóid Ó Cairealláin
Coimriú : Spreaghta ag fíor eachtra a tharla san Iodáil nuair a fuair ainrialaí bás a bhí á choinneáil ag na póilíní. Osclaíonn an dráma seo nuair a thugtar carachtar darb ainm 'Geallt' isteach i mbeairic na póilíní. Tá an dráma a leanann ina choiméide éigeallach a phléann ceist mhór : tóir na fírinne.Fiosraíonn greann Fo ceisteanna faoi bhrúidiúlacht na bpéas, ról na meáin cumarsáide agus an bhunaíocht phoilitiúl. More Info >>
Republica
Scríbhneoir : Aodh Ó Domhnaill
Nótaí : Dráma nua-scríofa
Coimriú : Monológ a insíonn scéal cathrach i Meiriceá Theas atá faoi smacht na Spáinneach ar dtús agus ar ball faoi smacht na Sasanach sula mbaintear neamhspleachas amach sa 20ú aois. Joe a insíonn an scéal le cuidiú ó na carachtair shamhlaíoch ina shaol féin. More Info >>