An-nuacht!
In 2010, bígí ag dúil leis an duais-choiméide, ‘Stones in his Pockets’ le Marie Jones agus le ‘Pygmalion’ clasaiceach GB Shaw
Tuilleadh eolais ar fáil go luath – coinnígi súil amach
Gabriel Byrne
Ábhar ríméid dúinn bua ár bPátrúin, Gabriel Byrne, ag 66ú Duaiseanna Bliantúla Golden Globe i mí Eanáir na bliana seo. Bronnadh gradam an Aisteora Teilifíse is Fearr i nDráma air.
Tá cuireadh air cuairt a thabhairt orainn, mar sin de, bí ag faire amach dó agus é ag déanamh na gcos ar Bhóthar na bhFál!
Clár Nua 2010
An Triail le Máiréad Ní Ghráda
Tá an-áthas ar Chompántas Amharclainne Aisling Ghéar deis a bheith againn le caoinchead oidhrí Mhairéad Ní Ghráda An Triail a léiriú ag ionaid ar fud na tíre i mbliana. Ná caill an seans an mórshaothar seo na hamharclainne Gaeilge a fheiceáil. Gach eolas istigh
Is é An Triail le Máiréad Ní Ghráda an dráma Ghaeilge is mó a chonaic lucht féachana riamh—agus an ceann is mó a bhfuil dúil ag daoine ann. Leis an dráma mór seo a fheiceáil, roghnaigh ionad, dáta agus am ón liosta seo thíos, líon isteach an fhoirm agus seol ar ais chugainn I mBéal Feirste é i gcás Bhaile Átha Claith agus Béal Feirste, nó chuig an t-ionad i gcás Dhún na nGall, Thiobraid Árann agus na Gaillimhe. More Info >>Cuidiú de dhíth leis an aistriúchán?
Ná bíodh aon bhuaireamh ort: beidh aistriúchan comhuaineach ar fail duit ar do ghléas cinn pearsanta féin nó is féidir an dráma a leanúint leis na 'Nótaí Radhairc' – gearrchuntas scríofa Béarla ar gach radharc.









